Gaeilge Plan
Subject Plans
Plean Gaeilge
Réamhráiteas: Rinne an fhoireann scoile athbhreithniú ar an bplean seo le chéile i rith mí Iúil ar chúrsa samhradh sa bhlian 2014 agus arís i 2016. Bhí gach múinteoir páirteach ann.
Bunchúiseanna: Tá gáth leis an bplean seo chun cabhrú linn an curaclam a chur i bhfeidhm, i dtreo is go mbeidh leanúnachas ó rang go rang, agus chun cur chuige cumarsáide a chur i bhfeidhm sa scoil.
Seo iad na ceisteanna a phléigh na múinteoiri :
o comhtháthú na gceithre scil teanga sna ceachtanna: éisteacht, labhairt, léitheoireacht, agus scribhneoireacht;
o raon modhanna múinte a bheith in úsáid ag na muinteoiri agus saoirse acu na cinn is fearr a fhileann do na páisti agus don scoil a roghnú, ag cur san áireamh cúlra teanga na bpáistí;
o na feidhmeanna teanga a chur in eagar do na rang-ghrúpaí difriúla;
o na téamai a chur in oiriúint don pháiste, dá gcúlra teanga agus baile;
o na tascanna, na cluichí agus na gníomhaíochtaí atá luaite in ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim a éagsulú ó bhliain go bliain;
o aire a thabhairt do shnáithaonaid uile an churaclaim.
Aontaíonn na múinteoirí go bhfuil sé an-tábhachtach grá don Ghaeilge a chothú ins na daltaí. Ba chóir go mbeadh taitneamh le baint as an ábhar foghlama chun go spreagfá na páistí chun an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide agus chun go mbeadh dearcadh dearfach acu ina leith. Bíonn béim láidir ar ‘spéis a chothú’ sa Ghaeilge ag na leibhéil go léir.
Fís agus aidhmeanna
An Plean I gComhthéacs na Scoile seo:
Is ar chumarsáid agus ar úsáid na teanga mar ghnáth theanga bheo a leagtar béim sa churaclam nua. Tá sé an-thábhachtach go dtugtar gach seans do na páistí an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha, agus go mbeadh dearcadh dearfach acu ina leith, agus go spreagfar muinín iontu an Ghaeilge a úsáid ina shaol. Tá sé tábhachtach go mbeadh an páiste gníomhach sa cheacht Ghaeilge: is é sin, gníomhachtaí teanga a bheith ar siúl, tascanna le déanamh, agus fadhbanna le réiteach trí Ghaeilge. Is é an plean atá againn sa scoil seo ná:
o féin-mhuinín na bpáisti a chothú i labhairt na Gaeilge; béim a chur ar éisteacht agus ar labhairt na Gaeilge; béim ar chumarsáid;
o úsáid na teanga i gcluichí;
o úsáid na Gaeilge chomh minic agus is féidir i rith an lae;
o bheith ar a gcumas freagra gairid a thabhairt do cheisteanna; leanúnachas a bheith ann ó rang go rang.
(a) Fís
Baintear úsáid as an nGaeilge chomh minic agus is féidir i rith an lae. Déantar iarracht dearcadh na dtuismitheoirí agus an phobail a dhéanamh níos dearfa ar an Gaeilge. Déanann muinteoirí na scoile seo iarracht cur le forás cognaíoch, mothúchánach agus samhlaíoch an pháiste.
(b) Aidhmeanna:
Is iad aidhmeanna an churaclaim Ghaeilge sa scoil seo ná:
● úsaid na Gaeilge mar mhodh chumarsáide a chur chun cinn;
● an Ghaeilge a úsáid I gcomhthéascanna éagsúla chun caidreamh sóisialta a dhéanamh;
● dearcadh dearfach i leith na Gaeilge agus spéis agus dúil inti a chothú; múineadh na Gaeilge a bheith spéisiúl;
● taitneamh a bheith le baint as foghlaim na Gaeilge;
● cumas éisteachta agus labhartha an pháiste a fhorbairt agus a muinín a chothú chun an Ghaeilge a úsáid;
● cumas réamh-léitheoireachta agus réamh-scríobhneoireachta an pháiste a chothú;
● cumas léitheoireachta agus scríobhneoireachta an pháiste a chothú ag leibhéal a oireann dó/di féin;
● éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríobhneoireacht a fhorbairt ar bhealach chomhtháite;
● suim agus tuiscint sa Ghaeilge agus sa chultúr a chothú; feasacht teanga agus feasacht cultúir a chothú;
● cumas cumarsáide a fhorbairt trí chluichí teanga agus tascanna;
● cúram a dhéanamh d’fhorbairt shóisialta, chognaíoch, mhothúchánach, shamhlaíoch agus aeistéitiúil an pháiste;
● cur le líofacht, le cruinneas foghraíochta agus le saibhreas teanga an pháiste;
1. Curaclam na Gaeilge
1.1 Cur Chuige Cumarsáideach
Tá cumarsáid i gceist sna ceithre shnáithe, san ábhar teagaisc agus foghlama agus sna modhanna múinte a úsáidtear. Is é an rud is tábhachtaí ná na páistí a chur ag caint agus ag déanamh cumarsáide chomh luath agus is féidir. Is ar an bpáiste féin agus ar na riachtanais teanga atá aige/aici agus ar a c(h)uid ábhar spéise atá an phríomhbéim sa chur chuige a úsáideann an múinteoir. Cuirtear béim ar thaithneamhacht an ábhair theagaisc agus ar an gcaoi a gcoinneoidh sé seo an páiste gafa le linn na foghlama. Tugtar aird faoi leith ar úsáid na teanga chun cumarsáid a dhéanamh. Cuireann cur-chuige cumarsáideach béim ar úsáid na teanga chomh luath agus chomh minic agus is féidir i rith an cheachta. Cuireann tascanna, cluichí teanga agus comhthéacsanna taitneamhacha a chruthaíonn an múinteoir ar chumas an pháiste cumarsáid a dhéanamh ag baint úsáid as na ceithre scil teanga: éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht.
Chomh fada agus is féidir bíonn cumarsáid ar siúl idir na páistí i ngach ceacht Gaeilge. Roinntear an cheacht ar thrí thréimhse teagaisc agus foghlama: (1) an tréimhse réamhcumarsáide; (2) an tréimhse cumarsáide; (3) an tréimhse iarchumarsáide.
An Tréimhse Réamhchumarsáide: Ag tús an cheachta is féidir leis an múinteoir an t-ionchur teanga a dhéanamh taitneamhach agus spreagúil le gníomhaíochtaí nó cluiche mar shampla, foghlaim foclóra, cleachtadh comhréire, gníomhaíochtaí faoi threoir, cluichí gramadaí.
An Tréimhse Chumarsáide: De réir tuairisc ó gcigire i 2015 beidh gach rang ag baint usaid as 10 nóiméad gach lá le haghaidh cur chuige cumarsáide. Cruthaíonn an múinteoir gá le húsáid na teanga chun cumas cumarsaide an pháiste a fhorbairt agus chun seans a thabhairt dó/di teanga nua a chruthú dó/di féin. Déantar é seo trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí cumarsáide—tascanna le déanamh, fadhbanna le réiteach, cluichí cumarsáide, bearnaí a líonadh in agallamh taifeadta, imirt i rólanna i suíomheanna éagsúla, idirghníomhú sóisialta, déanamh drámaí agus sceitsí, plé agus díospóireachtaí agus ar eile trí mheán na Gaeilge.
An Tréimhse Iarchumarsáide: Tugtar seans don pháiste dul siar ar theanga an cheachta trí ghníomhaíochtaí iarchumarsáide—mar shampla, cleachtadh gramadaí, anailís na teanga, cluichí breise, tasc nua. Beidh an chumarsáid ina cuid lárnach den phróiseas teagaisc agus foghlama. Tá cumarsáid i gceist le muineadh na scileanna teanga go léir. Caithfidh an páiste an teanga a chur in úsáid chun í a fhoghlaim go héifeachtach. Úsáideann na múinteoirí an Ghaeilge labhartha chun treoracha a thabhairt, chun an rang a roinnt i gcomhair cluichí, chun am lóin agus am sosa a stiúradh, agus chun an rolla a ghlaoch.
Cén tuiscint atá ag foireann na scoile ar Chur Chuige Cumarsáideach?
D’aontaigh an fhoireann teagaisc go bhfuil cur-chuige cumarsáide an ghné is tábhachtaí I bhfoghlaim na teanga i dtreo go mbeidh an páiste in ann í féin a chur in iúl agus na paisti eile í a thuiscint. Caithfidh an teanga a bheith beo. Caithfidh an múinteoir spéis a chothú chun na paistí a spreagadh an Ghaeilge a úsáid in atmasféar taitneamhach gan bhrú. Cruthaíonn an múinteoir suíomh ina mbeidh gá leis an bpáiste Gaeilge a úsáid. Is de réir a chéile a thiocfaidh fás agus forbairt ar an gcumas cumarsáide atá ag na páistí.
1.2 Feidhmeanna Teanga (an úsáid a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a bhaint amach):
Beidh na feidhmeanna teanga i gceist i ngach snáithe den churaclam—Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht, Scríobhneoireacht. Rangaítear iad i sé chatagóir
feidhmeanna: caidreamh sóisialta a dhéanamh, eolas a thabhairt agus a lorg, dearcadh a léiriú agus a lorg, dul i gcion ar dhuine, struchtúr a chur ar chomhrá, soiléiriú a lorg i gcomhrá. Tá deich gcinn de théamaí atá spéisiúil don pháiste liostaithe sa churaclam: Mé Féin, Sa Bhaile, An Scoil, Bia, An Teilifís, Siopadóireacht, Caitheamh Aimsire, Éadaí, An Aimsir agus Ócáidí Speisialta. Caithfidh na múinteoirí foclóir a bhaineann leis na téamaí a mhúineadh chun go mbeidh an páiste in ann iad a aistriú ó shuíomh amháin go suíomh eile (féach lth. 20-27 Curaclam na Gaeilge). Usáidtear Gaeilge neamhfhoirmiúil freisin chun gnáthriachtanais chumarsáide agus shóisialta a chomhlíonadh—beannú, slán a fhágáil, leithscéal a ghabháil, soiléiriú a lorg, agus míniú a thabhairt. Drámaí beaga agus agallaimh: Is cuid lárnach den chumarsáid iad chun cleachtadh a thabhairt do na páistí (a) an teanga a úsáid, agus (b) féinmhuinín a neartú.
Úsáidtear na feidhmeanna teanga i gcomhtheacs téama éigin i gcónaí. Is tábhachtach an rud é go bhfuil leanúnachas sa scoil [Féach Agusín 1].
Tá seifteanna seo leanas ag na múinteoirí chun an Ghaeilge a cheangal le saol na scoile: frása(í) na seachtaine,teachtaireachtaí, fógraí na scoile,prionta sa timpeallacht, comharthaí, ócáidí rialta mar am sos/am lón srl.
1.3 Snáitheanna an Churaclaim.
Snáith (a) Éisteacht :
Cloiseann an páiste cuid mhaith cainte go neamhfhoirmiúil i rith an lae—i gcaidreamh sóisialta leis an múinteoir agus i dteanga bhainisteoireachta an ranga. Éisteann an páiste leis an nGaeilge mar theanga teagaisc sa cheacht Gaeilge, agus le treoireacha an mhúinteora chun tascanna a dhéanamh. Is féidir cluas an pháiste a oiliúint trí éisteacht go foirmiúil i rith ceachta ina ndíritear go háirithe ar scil na héisteachta. Is an-tábhachtach an rud é go dtuigeann an paiste agus go léiríonn sé/sí an tuiscint sin. Éisteann an páiste freisin leis an múinteoir ag insint scéalta agus ag aithris rann nó dánta. Déanann na múinteoirí iarracht láidir aistriúcháin a laghdú go dtí an méid is lú.
Tabharfaidh an múinteoir faoi ábhair éisteachta gan a bheith ag súil go dtuigfidh na páistí gach focal. Is féidir iarraidh ar pháistí gan ach cnámha an scéil a thuiscint nó rudaí ginearálta a aimsiú i scéal nó san bpíosa nuachta. Déanfar muinín a chothú sna páistí chun go dtabharfaidh said faoi ábhar éisteachta le fonn. Spreagfaidh an múinteoir na páisti a bheith bródúil as a gcumas éisteachta agus tuisceana mar chuid thábhachtach d’fhoghlaim na Gaeilge.Is bunphrionsabal é go mbeadh na páistí in ann éisteacht le Gaeilge a labhairt go nádurtha lena chéile i gcomhrá, c.f. Curaclam na Gaeilge: Ranganna Naionan : féach lth.32,33; Ranganna 1 agus 2: lth.40 ,41; Ranganna 3 agus 4: lth.52, 53; Ranganna 5 agus 6 : lth. 66,67. Freisin, féach Treoirlínte do Mhúinteoirí : lth.116-121.
Bíonn na páistí ag éisteacht go neamhfhoirmiúil i rith an lae sa rang agus sa scoil. Bíonn siad ag éisteacht go foirmiúil i rith ceachta- m.sh. rainn, tascanna éisteachta—éist agus tarraing, dánta agus mar sin.
(b) Labhairt:
Tá béim an-láidir ar labhairt na Gaeilge sa churaclam. Mar sin, is é an cumas cumarsáide an sprioc is tábhachtaí atá le baint amach ag an bpáiste. Is fearr a fhoghlaimeoidh an páiste an Ghaeilge má bhíonn taitneamh le baint aisti agus dearcadh dearfach á chothú. Nuair a bhíonn an t-ábhar foghlama spéisiúil, bionn
fonn ar an bpáiste an Ghaeilge a fhoghlaim. Déanfar na snáitheanna eile a chomhtháthú le labhairt i ngníomhachtaí agus i dtascanna a mbeidh cuspóir cinnte acu.
Labhraímid chun cumarsáid a dhéanamh, chun aird an mhúinteora a tharraingt agus aire a fháil, chun muid féin a chur in iúl do dhaoine eile (tuairimí, mianta mothúcháin a nochtadh gan eagla), eolas a lorg agus a roinnt, cairdeas a dhéanamh agus a choimeád ar siúl agus ar eile. Labhraímid go neamhfhoirmiúil chomh minic agus is féidir i rith an lae—sa rang, sa scoil. Labhraíonn na páistí go foirmiúil sa cheacht: páistí ag labhairt go simplí faoi na topaicí agus na téamaí a bhfuil spéis acu féin iontu, agus freisin i gcluichí teanga, scéalaíocht, athinsint scéalta, ról-ghlacadh. (Agusín 3)
c.f. Ranganna Naíonán : lth. 34, 35; Ranganna 1 agus 2 : lth.41,43; Ranganna 3 agus 4: lth. 54, 55, 56; Ranganna 5 agus 6: lth.68, 69, 70 i gCuraclam na Gaeilge. Freisin, féach ‘Treoirlínte do Mhúinteoirí‘: lth. 122 - 124.
(c) Léitheoireacht:
De réir an curaclam ní thosófar ar léitheoireacht na Gaeilge go foirmiúil roimh rang 2. Ar scileanna na réamh-léitheoireachta, tá treo-shuíomh clé-deas, aithint patrún, agus meaitseáil focal agus pictiúr.Tá clár ullmhácháin don liteartha ann, m. sh. rainn, cluichí éisteachta, pictiúr-leabhair, prionta Gaeilge sa timpeallacht. Ag tús na léitheoireachta, cuirfear prionta Gaeilge sa timpeallacht, leabhair mhóra, leabhair bheaga, nuacht phearsanta agus mar sin. Chun scileanna léitheoireachta a fhorbairt, úsáidtear téacsanna agus tascanna léitheoireachta, m. sh. scéalta sna leabhair atá in úsáid, fíorleabhair, scríbhneoireacht an pháiste, dánta, rainn, amhráin, léigh agus tarraing pictiúr, cuir abairtí in ord.
Féach Curaclam na Gaeilge— Ranganna 1 agus 2 : lth. 44, 45; Ranganna 3 agus 4: lth 57, 58; Ranganna 5 agus 6: lth. 71, 72. Freisin, féach ‘Treoirlínte do Mhúinteoirí’: lth. 125-134.
(d) Scríbhneoireacht
Ba chóir go mbeadh an páiste ag déanamh cumarsáide le léitheoir fíor nó samhlata nuair a bhíonn sé/sí ag scríobh agus go mbunófaí scribhneoireacht an pháiste ar a c(h)uid eispéireas. Tosófar ar an scríbhneoireacht Ghaeilge i rang a haon sa scoil seo, le cóipeáil frásaí agus abairtí bunaithe ar na téamaí, nuacht phearsanta, cartaí, srl.. Beidh idirdhealú á dhéanamh idir théascanna difriúla: tuairisc, cur síos, scríbhneoireacht fheidhmiúil agus scríbhneoireacht chruthaitheach.
Féach Curaclam na Gaeilge: Ranganna 1 agus 2 : lth.46,47; Ranganna 3 agus 4: lth. 59,60; Ranganna 5 agus 6: lth.74,75. Freisin ‘Treoirlínte do Mhuinteoirí’: lth.139-143.
Tascanna scríbhneoireachta: altanna, scéalta, litir, cártaí phoist. I bpróiseas na scríbheoireachta, cuireann na múinteoirí béim ar fheabhas a chur ar iarrachtaí pearsanta, peannaireacht, litriú agus gramadach trí ceartú rialta, agus foilsiú ó am go ham.
Baintear úsáid as na cóipleabhair chun dul chun cinn na bpáistí a thaispeaint. Tá briathra leagtha amach do gach rang ó rang 1 go rang a sé agus ag an deireadh gach bliain beidh na páistí ábalta na briathra seo a chuir in abairtí. (Agusín 8)
1.4 Comh-tháthú na snáitheanna:
Is tábhachtach an rud é go bhfuil na snáitheanna comhtháite. Úsáideann an múinteoir an Ghaeilge taobh amuigh den gceacht Ghaeilge sa seomra ranga mar theanga caidrimh agus mar theanga bhainisteoireachta ranga, mar shampla: ‘Dia dhaoibh’, ‘Teigh go dtí an oifig, ma’s e do thoil é’, ‘Rachaidh mé’, ‘Glan an clarbán’, ‘Tóg amach na leabhair’, ‘An bhfuil sibh réidh/críochnaithe?’.
Is féidir na snáitheanna a chomhthathú lena chéile tríd na gníomhaíochtaí atá luaite faoi na snáitheanna sna leabhair curaclama san ábhar teagaisc agus foghlama. Cé go bhfuil sé i gceist an phríomhbhéim a bheith ar scil amháin i dtascanna áirithe, is fearr na scileanna go léir a chomhtháthú chomh fada agus is féidir, ag braith ar leibhéal theanga an pháiste.
Ábhar an Phlean
Ar éisteacht agus labhairt atá an béim ó na Naíonáin suas go Rang a Dó. Bíonn an béim I gcónaí ar an dteanga labhartha, ar dhánta simplí, ar amhráin, ar scéalta, ar sceitsí geanra, agus ar chluichí teanga. Nuair a bhíonn máistreacht ag daltaí ar léitheoireacht an Bhéarla, músclófar a gcuid fiosrachta i nGaeilge tri fhocail phrionta i nGaeilge a bheith thart orthu. Tá sé mar aidhm againn daltaí a bheith ábalta abairtí simplí a léamh i Rang a hAon. Tosnaíonn an scríbhneoireacht i Rang a hAon freisin.
1.5 Téamaí, Straitéisí agus Modhanna Múinte
(a)Téamaí: Bíonn na téamaí/fó-théamaí bunaithe ar shaol an pháiste. Bíonn éagsúlacht sna fó-théamaí i ngach rang.
(b)Straitéisí: Baineann an muinteoir úsáid as straitéisí éagsúla chun an Ghaeilge a mhúineadh:
o filíocht—dánta, amhráin;
o seanfhocail;
o drámaíocht: tugann an múinteoir sampla ar dtús agus ansin is féidir leis na daltaí é a athrú;
o CD: éist leis an CD agus gníomhaíochtaí a dheanamh
o ainmnigh na difriochtaí idir na pictiúir
o cluichí teanga
o structúir abairte: briathar-cé?-cad/cá?-cathain?
o scríobhneoireacht: litir, liostaí, nóta, cuireadh, cárta phoist, scéalta, biachlár, nuacht, agallamh, cur síos—sampla a thabhairt ar dtús.
Is iad na straitéisí is coitianta a úsáidtear chun cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt ná: agallaimh mar ionchur d’imirt i rólanna, cluichí teanga, tascanna agus fadhbanna, druileanna, drámaíocht, físeáin, scéalaíocht, filíocht (rainn, dánta agus amhráin), rabhlóga, tomhais agus seanfhocail.
Ón t-am a thosnaíonn na páistí ar scoil, baineann na múinteóirí úsáid i rith an lae as nathanna bunúsacha éagsúla chun na páistí a bheith in ann iad a chloisteáil ar dtús agus ansin úsáid a bhaint astu. Tá samplaí de na nathanna seo in Agusín 6, agus cuireann na múinteoirí ranga leis an liosta. Ceanglaíonn é seo leis an liosta feidhmeanna teanga l. 20-26 sa leabhar curaclama Gaeilge.
(c)Modhanna Múinte:
Tá réimse leathan modhanna múinte in úsáid i ngach rang. Is iad na sé mhodh is súntasaí ar féidir úsáid a bhaint astu ná:
An Módh Díreach
Modh na Sraithe
Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Módh Closlabhartha
An Módh Closamhairc Módh na Ráite.
1.6 Gaeilge Neamhfhoirmiúil:
2. Pleánáil Eagraíochta:
2.1 Pleánáil an Mhúinteora: Tá gaol laidir idir an plean scoile don Ghaeilge agus pleánail fhad-téarmach/ghearrthéarmach an oide ranga. Leanann an múinteoir na cinnteidil thuas.
2.2 Áiseanna
Tá abair liom in usáid sna naíonáin agus tá 'Bun go Barr' in usáid ó rang a haon go dtí Rang 6. Baineann gach muinteoir úsáid as leabhair éagsúla ó am go h-am de réir riachtanais.
Féach ar Agusín 2.
2.3 Éagsúlacht Chumais:
Eagraíonn an múinteoir tascanna agus gníomhaíochtaí chun freastal ar éagsúlacht chumais na bpáistí (féach lth.32-33 Treoirlínte do Mhúinteoirí). Maidir le páistí a fhágann an rang chun freastal ar mhúinteoirí tacaíochta, tá an clár-ama chomh solúbtha agus is féidir i dtreo is nach mbeadh an dalta as láthair go rialta ó mhúineadh aon ábhair áirithe. Mar gheall ar pháistí a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu, in aontú le ciorclach 12/96, tá sé socraithe ag na múinteoirí go ndéanfaidh na páistí sin gníomhachtaí breise, m. sh. léamh, i rith na ceachta Gaeilge nó chun freastal ar mhúinteoirí tacaíochta ag an am seo.
2.4 Comhtháthú le hAbhair Eile:
Déanann na múinteoirí comhtháthú le hábhair eile:
● ceol: amhráin Ghaeilge, feadóg
● corp-oideachas: cluichí, damhsa (Féach ar agusín 7)
● na hamharc-ealaíona: péint, dathanna
● matamaitic: uimhreas, áireamh
● drámaíocht: trí Gaeilge
● tíreolaíocht: ainm na gcontae
● stair: ainm an chlann
Féach Curaclam na Gaeilge— Ranganna Naíonán: lth. 33, 35; Ranganna 1 agus 2:lth.41, 43, 47; Ranganna 3 agus 4: lth. 53, 56, 58, 60; Ranganna 5 agus 6: lth.67, 70, 73, 75.
2.5 Measúnú:
Is próiseas leanúnach é an measúnú. Bíonn an múinteoir ag déanamh measúnaithe go neamh-fhoirmiúil an t-am go léir. Nuair a chasann an múinteoir leis na tuismitheoirí ag an gcomhdáil oideachais i rith na bliana, tugtar mionchuntas faoi dul ar aghaidh na bpáistí. Déantar an measúnú ag deireadh aonaid oibre nó ag deireadh tréimhse. Is ar chumas an pháiste agus an méid atá sé/sí in ann a thuiscint, a rá, a léamh nó a scríobh atá an bhéim agus ní ar an easpa cumais. Cuirfear san áireamh:
● dírbhreathnú an mhúinteora ar an bpáiste: treoracha a leanúint, páirt a ghlacadh sna cluiche
● ceisteanna
● tascanna agus trialacha deartha ag an múinteoir
● ábhar éagsúla m.sh. Nollaig, bia, éadaí srl a athaint agus a ainmniú
● scrúdaithe as gaeilge
● bailiúchán d’obair agus de thionscadail an pháiste
● measúnú féin
(Féach lth.142-151, Curaclam na Gaeilge.)
2.6 Obair Bhaile
Tugtar obair bhaile oiriúnach sa Ghaeilge. Béim ar obair simplí:
● Tugtar obair le foghlaim nó le scríobh
● obair bhaile bunaithe ar an méid atá ar siúl sa scoil
● Naíonáin: obair ó bhéal
● Rang 1: obair ó bhéal, scríbhneoireacht ó am go h-am
● Rang 2: obair ó bhéal, scríbhneoireacht ó am go h-am
● Rang 3: Litriú gach oíche, leitheoireacht, scríbhneoireacht
● Rang 4: Litriú gach oíche, briathair anois is arís agus ceachtanna/leitheoireacht bunaithe ar obair sa rang uair sa seachtain
● Rang 5 agus 6: Litriú, léitheoireacht/foghlaim agus obair scríofa uair nó dhó sa seachtain
2.7 Forbairt foirne:
Labhraíonn na múinteoirí Gaeilge lena chéile go rialta. Tagann na múinteoirí le chéile go rialta chun plean múinteoireachta a leagan amach ina roinntear eolas ar a chéile.
Déanann gach múinteoir iarracht a gcúid Gaeilge féin a chleachtadh taobh amuigh den scoil nuair a bhíonn an deis acu. Uaireanta tagann cuiditheoir go dtí an scoil chun tacaíocht bhreise a thabairt do na múinteoirí.
2.8 Tuismitheoirí agus an Ghaeilge:
Tá tábhacht an-mhór ag baint le ról na dtuismitheoirí chun cabhrú le hobair na scoile. Cabhraíonn said trí thacaíocht a thabhairt d’imeachtaí Gaeilge sa scoil agus sa cheantar, trí cabhrú leis an obair bhaile, agus trí Ghaeilge a chleachtadh ar ócáidi áirithe sa bhaile. Tá dearcadh dearfach an-tábhachtach. Frasaí na seachtaine a chur ar doras na scoile agus i ngach rang sa scoil. Tabharfaimid bileóg téarmaí Gaeilge do na Tuismitheoirí chun cabhrú leo Gaeilge a labhairt sa bhaile. (Agusín 4)
2.9 Comhionannas
Beidh deis ag gach páiste sa scoil seo an Ghaeilge a fhoghlaim. Beidh seans ceanna ag gach dalta páirt a ghlacadh sa rang Gaeilge, fuí amháin na páistí nach bhfuil an Bearla mar chéad teanga acu.
An tslat tomhais atá ag an scoil chun an plean a mheas:
Tá na múinteoirí ar aon-intinn go ndéanfaidh an plean seo difríocht do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge in ár scoil. Is iad na comhtharthaí a léireoidh go bhfuil dul chun cinn sásúil á dhéanamh ná:
● atmaisféir Gaelach sa scoil
● an Ghaeilge mar teanga cumarsáide sa scoil go minic
● aoibhneas agus sult á bhaint as an Gaeilge ag na daltaí
● dearcadh dearfach ag daltaí, muinteoirí agus tuismitheoirí
● clár gaeilge; na teamaí difriúil gach mí
Tá a fhios againn go bhfuil an plean á chur i bhfeidhm sa scoil mar (a) leanann ullmhúchán an mhúinteora an plean, agus (b) leantar na nósanna imeachta atá sa phlean.
Critéir Rathúlachta:
Tá a fhios againn gur comhlíonadh aidhmeanna an phlean nuair a thagann aiseolas dearfach ón bhfoireann, ó dhaltaí agus ó thuismitheoirí; aiseolas dearfach freisin ó scoileanna dara leibhéal; tuairiscí ón gCigire; páistí ag labhairt na Gaeilge lasmuigh de ranganna Gaeilge agus ag baint taitneamh aisti.
Cur I bhfeidhm
(a) Rólanna agus freagracht:
Cuirfidh gach múinteoir é i bhfeidhm agus tá gach múinteoir freagracht as an bplean scoile. Tá múinteoir amháin ag eagraíocht gaeilge neamhfhoirmúil sa scoil.
(b) Spriocdhátaí leis an bplean a chur i bhfeidhm
Beidh an plean seo á cur i bhfeidhm tar éis daingniú an mBord Bainistíochta.
Athbhreithniú
Caithfear an plean seo a athbhreithniú sa bhlian 2019/2020 chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil Curaclam na Gaeilge á cur i gcrích i gceart.
(a) Rólanna agus freagracht
Beidh na daoine seo páirteach san athbhreithniú:
● foireann teagaisc
● Daltaí
● Tuismitheoirí
● Bord Bainistíochta/An Roinn
Daingniú:
Dhaingnigh an Bord Bainistíoichta an polasai seo ar _____________________
Agusín 1 Feidhmeanna teanga
Naíonáin | R1 & R2 | R3 & R4 | R5 & R6 | |
Caidreamh sóisialta | ||||
beannú do dhuine P.28 “modh an aoibhnis | Dia duit Dia is Muire duit tá fáilte romhat | Dia díbh Dia’s Muire díbh Dia’s Muire duit ‘s Pádraig | go mbeannaí Dia duit. móra duit ar maidin. rath Dé ort. | bail ó Dhia ort gurb amhlaidh duitse |
slán a fhágáil | slán leat. slán agat. slán libh. slán agaibh. | slán libh. slán agaibh. | go dté tú slán feicfidh mé amárach thú. | go n-eirí an bóthar leat chífidh mé thú Slán go fóill Slán abhaile |
glaoch ar dhuine | a mhúinteoir | a Phóil a Mháire | ||
aird a lorg | tar anseo gabh mo leithscéal. más é do thoil é. go raibh maith agat. éistigí | noiméad amháin Éistigí led’ thoil le bhur dtoil ba mhaith liom | an féidir liom? labhair liom abair liom An bhfuil sibh réidh/críochnaithe | |
bualadh le duine | conas atá tú an bhfuil tú go maith? | táim go maith buíochas le Dia. nílim go maith Táim ar mhuin na muice. | Cén chaoí a bhfuil tú? | le cúnamh Dé Táim ar muin na muice Táim go h-iontach/cuíosach |
cur in aithne | seo é Seán seo í Siobhán | seo é Seán seo í Siobhán | ||
comhghairdeas a dhéanamh | breithlá shona duit maith an-bhuachaill/ An-chailín | maith thú ar fheabhas comhghairdeas | togha iarracht Bain triall as | togha fir togha mná Comhghairdeas |
Soiléiriú a Lorg | ||||
easpa tuisceanna a léiriú | An bhfuil sibh réidh? | an dtuigeann tú? ní thuigim | tuigimid lámha suas éinne nach dtuigeann | |
cabhair a lorg | Cad é seo? | cén gaeilge atá ar…? | cad is brí le…? | conas a déarfá? |
litriú a lorg | arís | abair é sin arís litrigh | conas a litreofa (litríonn)? | |
athrá a lorg | arís | abair é sin arís | ||
Dul i gcion ar dhuine | ||||
cead a lorg, a thabhairt, is a dhiúltú | an bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas | an bhfuil cead agam mo lámha a ní, …ceart go leor | níl cead agat fan go fóill/noiméad Déan deifir, Brostaigh | Ar aghaidh leat/libh |
buíochas a léiriú | go raibh maith agat buíochas le Dia | go raibh míle maith agat | míle buíochas | go méadaí Dia do stór |
smaoineamh a chur chun cinn | An bhfuil cead agam milseáin a fháil? | ar mhaith leat | Céard faoi | cad mar gheall |
iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh | Stad, ná dein tabhair dom, seo duit dún an doras más é do thoil é | ná dein múch na soilse ar aghaidh libh, amach libh brostaigí | ba bhreá liom | an féidir leat Téigí go dtí an halla mór Faigh an Tógaigí amach |
duine a ghríosadh | lean ort lean ar aghaidh | Ar aghaidh leat | ||
magadh faoi dhuine | há! há! ar chuala tú an scór | |||
cuireadh a thabhairt, a dhiúltú, glacadh leis nó fiosrú faoi | ar mhaith leat teacht go dtí mo chóisir? ní féidir liom ba mhaith cá mbeidh sí ar siúl | an dtiocfaidh tú go dtí mo theach? tiocfaidh cinnte. ba bhreá liom, go raibh maith agat. cén t-am a thosóidh sí? | ||
foláireamh a thabhairt do dhuine | bí cúramach stop den phleidhcíocht Ná bí ag rith | tóg go bog é tabhair aire | Ná bí ag luascadh | |
Stádas a fhógairt nó a cheistiú | is mise..is airde; is óige; is sinne; is isle. | |||
maíomh | tá snámh agam | Féach ormsa Chuaigh mé | Táim go maith ag.. | Táim go h-iontach |
dushlán duine a thabhairt | an féidir leat? is féidir liom | Tá mé ábalta | ní féidir leatsa é sin a dhéanamh An bhfuil tú abálta | an bhfuil tusa in an poc saor a thógáil? Táim in ann ar mo chumas |
Dearcadh a léiriú’s a lorg | ||||
eolas nó aineolas léiriú nó fiosrú fúthu | tá a fhios agam / níl | tá / níl An bhfuil fhois agat? | cé hé sin? an cuimhin leat? | |
cinnteacht | tá / níl, sea/ní hea | tá / níl | cinnte | táim/nílim cinnte |
leibhéal dochúlachta gan amhras Is dócha | is dócha gan amhras | sílim measaim ceapaim | ||
is féidir | b’fhéidir go dtiocfaidh | |||
seans | níl aon seans againn | |||
taitneamh nó easpa taitinimh a léiriú | is maith liom ní maith liom bainne (m.sh.) | is breá liom is aoibheann liom is fuath liom | is fuath liom is/ní maith liom an maith leat? | is/ní maith liom peil a imirt Is aoibheann liom |
mianta a léiriú nó fiosrú fúthu | ar mhaith leat? ba mhaith/Níor mhaith | ba mhaith liom dul go dtí an pictiúrlann cad ba mhaith leat? | ||
rogha a léiriú nó fiosrú fúithi | b’fhearr liom | Cé acu is fearr leat? is fearr liom | cioca ab fhearr leat? b’fhearr liom | |
leithscéal a ghabháil | gabh mo leithscéal | tá brón orm | ||
sásamh | go maith | tá sé go húfásach | Go hiontach, ar fheabhas, go diail | |
aontú nó easaontú | tá/níl is ea/ní hea | bhris / níor bhris | Ceart/mí cheart tá sé sin fíor /bréagach | |
ábaltacht nó easpa ábaltachta a léiriú | is féidir liom rothaíocht ní féidir liom | tá snámh agam in ann / ábalta | in inmhe ar mo chumas | |
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste | ||||
séanadh | d’fhág tú an clós/níor fhág | |||
maithiúnas a léiriú | tá go maith tá sé sin ceart go leor | |||
tacaíocht a léiriú | go breá lean ar aghaidh | |||
an rolla | táim anseo tá sé/sí as láthair | Níl x ar scoil inniu. Ta sé tinn. | ||
díoma a léiriú | Tá sé ar a laethanta saoire. | is mór an trua é sin tá díoma orm | ||
dócha a léiriú | tá súil agam le táim an tnúth le | |||
ligean air/uirthi | Lig ort. Bígí ag...mar... | ó, tá tinneas cinn orm (tinneas fiacaile, tinneas bhoilg Tá pian i mo.. | is fathach mé is féidir liom…. | |
scéalta a chumadh | ar maidin Go tobann Fadó, fadó | lá amháin inniu an Mháirt Tar éis tamaill | Ar dtús/ansin…. Sa deireadh… Caithfidh mé a rá.. | |
léiriú gur gá nó nach gá rud éigin a dhéanamh | caithfidh mé/ ní chaithfidh mé | Beidh orm. Ní bheidh orm. An gá dom… | ||
Eolas a thabhairt agus a lorg | ||||
aithint | seo é cad é seo/sin? | sin í sin é | is madra é sin | fear mór is ea é |
tuairisciú | cad is ainm duit? x is ainm dom Cé tusa? | tá Dónal ag ithe | tá sé ag ithe a bhricfeasta | |
ceartú | tá mo chótosa gorm ní leatsa é is liomsa é | madra atá agam sa bhaile | ||
ceisteanna | cé hé sin? cad é sin? an bhfuil? tá / níl | cén dath atá ar an liathróid? cé leis? ar tháinig? tháinig / níor tháinig | conas? cén fáth? cad é an dóigh? cathain? cén t-am? Cén? cá h’áit | |
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste | ||||
cómhrá a oscailt | ar chuala tú? tú féin atá ann tá an lá go deas | tá tú ag obair go crua | ||
féincheartú | ó, gabh mo leithscéal ó, ní hea, ach ní ag an sos beag ach | ó, ní hea, fan go bhfeicfidh mé | ||
cur síos a chéanamh céim ar chéim | ar dtús…. ansin…. tar éis tamaill | i dtosach báire faoi dheireadh | ||
coimriú | sin an méid sin uile | agus mar sin, ní bheidh de bharr/dheasca | ||
deireadh a chur leis an gcomhrá | bhuel, sin é? ceart go leor mar sin! tá deifir orm anois sin an scéal | caithfidh mé imeacht. beidh mé ag caint leat sin feicfidh mé arís thú | ||
Agusín 2 Aiseanna Gaeilge
Bun go barr : ag usáid i ngach rang
Treor Nua
Maith Thú
Postaer gaeilge
Amhráin do pháistí CD go dtí rang a trí
An Chéad Choischéim CD go dtí rang a 2
Rabhlaí rabhlaí go dtí rang a haon
Séideán sí rang 1-3
Biongó Bia agus Eadaí
Spreag an Ghaeilge le spraoi
Cluichí clós cd
Tomás na hOrdóige agus Scéalta Eile
Cluichí gaeilge bunaithe ar na téamaí difirúil
Biongó/snap/iasc/splat/cé mise/tomais focail/lán trí
Agusín 3
Drámaíocht agus Agallaimh
Naíonáin
● Comhrá beirte
●
Bunaithe ar na téamaí sa churaclam nua
●
Bunaithe ar ghnáth shaol na daltaí
●
Bunaithe ar fhilíocht
●
Nuacht/teilifís – ag baint úsáide as an mbosca teilifíse
●
Nuacht bunaithe ar Rocaí – puipéad a théann abhaile le páistí
éagsúla
Féach na samplaí
Rang 1 agus Rang 2
●
Agallaimh idir beirt nó triúr níos fusa sna ranganna seo
●
Bunaithe ar na téamaí sa churaclam nua
●
Bunaithe ar ghnáth shaol na daltaí
●
Bunaithe ar fhilíocht
●
Nuacht – páistí ag insint nuacht, páistí eile ag cur ceisteanna
Féach na samplaí
Rang 3 agus Rang 4
●
Comhrá idir beirt, triúr agus grúpaí
●
Bunaithe ar na téamaí sa churaclam nua
●
Bunaithe ar ghnáth shaol na daltaí
●
Bunaithe ar fhilíocht
●
Nuacht – páistí ag insint nuachta, páistí eile ag cur ceisteanna
●
Fiche ceist
Féach na samplaí
●
Rang 5 agus Rang 6
●
Comhrá idir beirt, triúr agus grúpaí
●
Bunaithe ar na téamaí sa churaclam nua
●
Bunaithe ar ghnáth shaol na daltaí
●
Bunaithe ar fhilíocht
●
Nuacht – páistí ag insint nuacht, páistí eile ag cur ceisteanna
●
Ag caint I ngrúpaí – cad a rinne tú I rith na deireadh seachtaine?
●
Fiche ceist
Féach na samplaí
Samplaí
Téama : Siopadóireacht
Naonáin
Sioapdóir: Dia dhuit.
Páiste: Dia’s Muire dhuit
Ba mhaith liom úll.
Siopadóir: Seo dhuit úll.
Tabhair dom airgead.
Páiste: Seo dhuit airgead.
Siopadóir: Go raibh maith agat.
Slán.
Siopadóir: Slán.
Rang 1 agus Rang 2
Páiste: Dia
dhuit
Siopadóir: Dia’s
Muire dhuit.
Páiste: An bhfuil t-léine agat?
Siopadóir: Tá t-léine bán agam.
Páiste: Ní maith liom an t-léine sin.
Tá sé ró-mhór.
Siopadóir: Bhfuel, tá t-léine dubh
agam.
Páiste: Ní maith liom an
t-léine sin.
Tá sé
ró-bheag.
Siopadóir: Tá t-léine dearg agam.
Páiste: O, is maith liom an
t-léine sin.
Tá sé
díreach ceart.
Siopadóir: Deich euro , led’ thoil.
Páiste: Seo dhuit an t-airgead.
Siopadóir: Go raibh maith agat.
Slán.
Páiste: Slán.
Rang 3 agus 4
Siopadóir: Dia dhuit. Conas atá tú?
Páiste: Dia’s Muire dhuit. Tá mé ceart go
leor.
Siopadóir: Ar mhaith leat seacláid?
Páiste: Níor mhaith liom
seacláid. Is fearr liom uachtar reoite ná seacláid.
Siopadóir: Go maith. Seo dhuit uachtar reoite.
Páiste: Cé mhéad?
Siopadóir: Sin euro amháin
Páiste: Seo
dhuit cúig euro.
Siopadóir: Seo dhuit do shoinseáil. Ar mhaith leat
rud eile?
Páiste: An
bhfuil liathróid agat?
Siopadóir: Tá brón orm. Níl ceann agam. Téigh go dtí
an siopa spóirt trasna na sráide
Páiste: Go
raibh maith agat. Slán.
Siopadóir: Slán go fóill. Go n-éirí an bóthar leat.
Rang 5 agus Rang 6
Daid: Dia dhuit.
Siopadóir: Dia’s Muire dhuit.
Daid: Tá rothar nua uainn.
Siopadóir: Cé mhéad airgead atá agat?
Daid: Dhá chéad euro.
Siopadóir: Ceart go leor. Tá trí rothar ann
timpeall an praghas seo.
Daid: Taispeán dúinn iad.
Siopadóir: Rothar 1: Mountain Bike, rothar an
láidir, clogad soar, praghas €190.
Rothar 2: ‘Racer’ atá i gceist. An-thapa.
€210
Rothar 3: ‘Racer’ fresisin –
níl sé chomh tapaidh leis an ‘racer’ eile,
ach tá sé maith go leor. €200.
ach tá sé maith go leor. €200.
Daid: Cad a cheapann tú, a Mháire?
Máire: Ah, tá na ‘Racers’ ar fheabhas, ach
b’fhearr liom an Mountain Bike. Tá sé an láidir.
Daid: Ceart go lear. An Mountain Bike
le do thoil. Seo dhuit an airgead.
Siopadóir: Slán go fóill.
Téama: Teilifís
Naoináin
(leabhar teilifíse a chothú bunaithe ar cláir teilifíse
oiriúnach)
Páiste 1: Tá leabhar teilifíse agam.
Ar mhaith leat
féachaint ar an telififís le chéile?
Páiste 2: Ba maith liom.
An maith leat ‘Na
Simpsons?’ (ag baint úsáid as an leabhar)
Páiste 1: Ní maith liom ‘Na Simpsons.’
Páiste 2: An maith leat ‘Na Rugrats?’
Páiste 1: Is maith liom.
Páiste 2: Ceart go lear. Tá na Rugrats ar an teilifís anois.
Páiste 2 : Tá a fhios agam. Shhhh! Ciúnas!
Rang 1 agus Rang 2
Páiste 1: An bhfaca tú an ‘Den’ aréir?
Páiste 2: Ní fhaca.
Páiste 1: An bhfaca tú na Simpsons?
Páiste 2: Chonaic mé na Simpsons.
Páiste 1: An raibh sé go maith?
Páiste 2: Bhí sé ar fheabhas. Bhí Bart ag troid
ar scoil, aus bhí sé
i dtrioblóid arís.
i dtrioblóid arís.
Páiste 1: Is fearr liom Lisa!
Páiste 2: Cén fáth?
Páiste 1 : Seineann sí an saxafón agus is maith
liom an saxafón!
Páiste 2: Ní maith liom í in aon chor. Tá sí
ró-mhaith.
Is fearr liom Bart mar tá sé dána!
Rang 3 agus Rang 4
Páiste 1: Cuir an teilifís ar siúl , más ‘é do
thoil é.
Páiste 2 : Cá bhfuil an ciontialtás?
Páiste 1: Tá sé idir na cuisíní
Páiste 2 : Tá sé agam.
Páiste 1: Ó is fearr liom Simpsons ná Rugrats
Páiste 2: Mise freisin. Ceart go leor.
Daidí: Haigh! Cuir an Nuacht ar siúl
anois.
Páistí: Á, a Dhaid. Is fuath linn an
nuacht!
Rang 5 agus Rang 6
Páiste 1: An maith leat an teilifís?
Páiste 2: Is breá liom an teilifís. Caithim trí
uair gach lá ag feachaint air.
Páiste 1: Trí uair! Cad a chonaic tú aréir?
Páiste 2: Chonaic mé ‘clár spoirt'. Bhí sé ar
fheabhas. Ansin
chonaic mé ‘cartún'.
chonaic mé ‘cartún'.
Páiste 1: Sea, chonaic mé é freisin. Bhí an clár
ar fheabhas. Ach bhí a
lán obair baile le déanamh agam agus bhí orm tosú
ag obair tar éis an cluiche peil.
lán obair baile le déanamh agam agus bhí orm tosú
ag obair tar éis an cluiche peil.
Páiste 2 : D’fhéach mise ar DVD tar éis 'x'.
Páiste 1: Cén scannán a chonaic tú?
Páiste 2 : 'x'. Bhí sé ar fheabhas.
Páiste 1: Chonaic mé é le déanaí agus thaitin sé
go mór liom freisin.
An bhfaca tú aon scannán
maith eile?
Páiste 2: Chonaic mé ‘x – bhí an scannán maith
go leor.
Páiste 1 : Bhfuel, tá obair baile le déanamh agam
anois fresisin.
Caithfidh mé imeacht.
Caithfidh mé imeacht.
Agusín 4 Gaeilge do Tuismitheoirí
Dia duit Hello
Dia is Muire duit Hello (reply)
Conas atá tú? How are you?
Cad is ainm duit? What’s your name?
_______ is ainm dom. My name is _______.
Maidin maith Good Morning
Oíche mhaith Good night
Codladh sámh Sleep well
Le do thoil Please
Go raibh maith agat Thank you
Gabh mo leithscéal Excuse me
Ceart go leor OK
An bhfuil tú ceart go leor? Are you OK?
Ar mhaith leat deoch? Would you like a drink?
An bhfuil ocras/tart ort? Are you hungry/thirsty?
Maith thú Well done
Dean deifir Hurry up
Brostaigh Hurry up
An bhfuil do mála scoile agat? Do you have your schoolbag?
Cad atá ar an teilifís? What is on television?
Isteach leat In you go
Amach leat Out you go
Tar anseo Come here
Bail triail as Try it
Bun os cionn Upside down
Dathanna (Colours)
dearg
red
gorm
blue
bán
white
glas
green
corcra
purple
bándearg
pink
dubh
black
Ag comhaireamh daoine (Counting People)
duine amháin one person
beirt two people
triúr three people
ceathrar four people
cúigear five people
seisear six people
seachrar seven people
ochtar eight people
naonúr nine people
deichniúr ten people
Éadaí (Clothes)
geansaí
jumper
cairdeagan
cardigan
léine
shirt
blús
blouse
carbhat
tie
bróga reatha
runners
bríste
trousers
stocaí
socks
riteoga
tights
bróga
shoes
buataisí
boots
crois
belt
Dathanna (Colours)
dearg red | gorm blue | bán white | glas green | corcra purple |
bándearg pink | dubh black | oráiste orange | buí yellow | liath grey |
Uimhreacha (Numbers)
aon | dó | trí | ceathar | cúig | sé | seacht | ocht | naoi | deich |
1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 | 10 |
fiche | tríocha | daichead | caoga | seasca | seachtó | ochtó | nócha | céad | |
20 | 30 | 40 | 50 | 60 | 70 | 80 | 90 | 100 |
Ag comhaireamh daoine (Counting People)
duine amháin | beirt | triúr | ceathrar | cúigear | seisear | seachrar | ochtar | naonúr | deichniúr |
one person | two people | three people | four people | five people | six people | seven people | eight people | nine people |
Éadaí (Clothes)
geansaí jumper | cairdeagan cardigan | léine shirt | blús blouse | carbhat tie | bróga reatha runners |
bríste trousers | riteoga tights | bróga shoes | buataisí boots | crois belt |
Gníomhachtaí (Actions)
ag ithe
ag ól
ag léim
ag siúl
ag rith
ag léamh
ag scríobh
ag caoineadh
| eating drinking jumping walking running reading writing crying | ag gáire
ag screadáil
ag canadh
ag damhsa
ag súgradh
ag imirt cluiche
ag féachaint
ag éisteacht
| laughing screaming singing dancing playing playing a game looking listening |
Ábhair Scoile (Subjects)
Gaeilge Irish | Béarla English | Mata Maths | Stair History | Tíreolaíocht Geography |
Ceol Music | Corpoideachais PE | Creideamh Religion | Dramaíocht Drama | Eolaíocht Science |
Aimsir (Weather)
fuar
fliuch
te
tirim
gaofar
grianmhar
scamallach
| cold wet hot dry windy sunny cloudy | ceomhar
stoirmiúil
ag cur seaca
ag cur sneachta
ag cur báistí
tintreach
toirneach | foggy
stormy
freezing
snowing
raining
lightning
thunder |
Tá sé fliuch/ grianmhar/
ceomhar…. It is wet/ sunny/
foggy……
Bia (Food)
sceallóga
píotsa
rís
ispíní
slisíní bagún
borgair
ceapaire
liamhás
milseáin
pancóga
criospaí
uachrar reoite
| chips
pizza
rice
sausages
rashers
burger
sandwich
ham
sweets
pancakes
crisps
ice-cream |
Is maith liom rís. I like rice.
Ar mhaith leat milseáin? Would you like sweets?
Ba mhaith liom criospaí. I would like crisps.
Agusín 5 Frásaí na seachtaine
1 | Frásaí na Seachtaine Dia duit / Dia's Muire duit |
2 | Slán / Slán libh |
3 | Le do thoil |
4 | Go raibh maith agat. Tá fáilte romhat |
5 | Cé tusa? Is mise _________ |
6 | Conas atá tú? Tá mé go maith. Níl mé go maith. (Táim/Nílim in 3rd-6th class) |
7 | Oscail an doras. Dún an doras. |
8 | An maith leat..? Is maith liom…Ní maith liom… |
9 | An bhfuil tú réidh? Tá mé réidh. |
10 | Cé leis é? Is liomsa é. Is le _____ é. |
11 | An bhfuil cead agam.... Tá / Níl |
12 | Gabh mo leithscéal |
13 | Cá bhfuil an _____________ ? Ta sé sa bhosca / sa mhála /ar an gcofra. |
14 | An dtuigeann tú? Tuigim / Ní thuigim |
15 | An bhfuil a fhios agat? Níl fhios agam. |
16 | Cad is brí le....? |
17 | Conas a deir tú _______ as Gaeilge? Conas a litríonnn tú ______? |
18 | Brostaigh. Déan deifir. |
19 | Tá ocras/tart/brón/áthas/fearg/tuirse/eagla/imní orm. |
20 | Cén t-am é? Tá sé in am sos. Ta sé in am lón |
21 | Cad/ céard a tharla? |
22 | Chuaigh mé go dtí ______ |
23 | Cad atá cearr leat? |
24 | Tabhair dom an _______. |
25 | Bain triail as. |
26 | Tá ___________ ag teastáil uaim. |
27 | Nollaig shona! Breithlá shona! |
28 | An féidir leat? Is féidir liom / Ní féidir liom |